Is é an príomhghnó a bhaineann le Clárlann na Talún ná scrúdú a dhéanamh maidir le hiarratais ar chlárú. Lena chois sin, déantar fianaise teidil agus raon seirbhísí gaolmhara a sholáthar.
- Iarratais ar chlárú.
- Iarratais ar cheannach na ruílse faoi Scéim Cheannaigh na mBunchíosanna.
- Cóip dheimhnithe d’fhóiliónna/phleananna teidil.
- Cóip dheimhnithe d'Ionstraimí.
- Saoráidí cuardaigh - cuardach mapála, cuardach san ainm-threoir.
Seirbhísí ar líne – www.landdirect.ie:
Tá mórán de sheirbhísí Chlárlann na Talún atá liostaithe thuas ar fáil ar líne do shíntiúsóirí an láithreáin gréasáin landdirect. Chun úsáid a bhaint as na seirbhísí ar líne atá againn, caithfear cuntas a oscailte le réamhíocaíocht íosmhéide de €125 atá iníoctha leis an Údarás Clárúcháin Maoine.
Mura bhfuil tú mar shíntiúsóir le landdirect.ie, féadfaidh tú úsáid a bhaint as ár seirbhísí tríd an bpost nó trí chuairt a thabhairt ar cheann de na hoifigí poiblí atá againn.
1. Iarratais ar chlárú
- Ullmhaíonn cleachtóirí cáilithe dlí iarratais ar son an chustaiméara agus seoltar iad ar aghaidh chuig an Údarás le clárú.
- Nuair a bhíonn cinntí maidir le hiarratais á ndéanamh, cuireann baill foirne raon leathan reachtaíochta i bhfeidhm, cuirtear cinntí na cúirte san áireamh agus cloítear le prionsabail an cheartais nádúrtha agus bhunreachtúil.
- Ina dhiaidh sin, déantar tionchar dlí na ndoiciméad agus na mapaí gaolmhara lóisteáilte a thaifeadadh ar fhóiliónna agus ar phleananna teidil Chlárlann na Talún.
- I measc an réimse d’iarratais a chuirtear isteach, tá iarratais ar chéad chlárú, aistrithe ar chuid d’fhóilió, muirir (morgáiste), ualaigh (m.sh. ceart slí) srl.
Soláthraíonn Treoracha Cleachtais Chlárlann na Talún agus Fógraí Oifige Dlí ar an láithreán treoir faoi na prionsabail agus na nósanna imeachta a leantar chun cinntí a dhéanamh maidir le hiarratais. Mar sin féin, ní comhairle dlí atá i gceist anseo agus moltar duit dul i gcomhairle le cleachtóir cáilithe dlí i gcónaí. Tabhair faoi deara nach comhlacht comhairleach iad Clárlann na Talún/an tÚdarás Clárúcháin Maoine agus nach féidir leo comhairle a thabhairt ar bhonn aonair.
2. Iarratais ar cheannach na ruílse faoi Scéim Cheannaigh na mBunchíosanna
Seo scéim inar féidir le húinéirí de mhaoin léasach a mBunchíosanna a cheannach agus cur lena leas chun ruíleas a dhéanamh de.
Soláthraítear Bileog Míniúcháin maidir le Scéim Cheannaigh na mBunchíosanna, Foirmeacha Iarratais agus eolas ábhartha eile faoi Sheirbhísí na mBunchíosanna.
3. Cóip Dheimhnithe d’Fhóilió/ Mapa Teidil
Is taifead poiblí iad fóiliónna agus mapaí teidil na Clárlainne agus féadfaidh duine ar bith cóip d’fhóilió/de phlean teidil a fháil nó a scrúdú ach an táille chuí a íoc.
- Má tá uimhir ábhartha an fhóilió ar eolas agat, is féidir leat iarratas a dhéanamh trí Fhoirm Iarratais ar chóip d’fhóilió (táille € 6) nó trí Fhoirm Iarratais ar chóip d’Fhóilió/Mhapa Teidil (táille €25 nó €60 do mhapa teidil a léiríonn cearta comhghabhálacha slí agus/nó gnéithe speisialta a bhaineann leis na tailte) a íoslódáil agus a chomhlánú agus an fhoirm chomhlánaithe mar aon le seic/ordú poist don táille chuí a sheoladh chuig:
An tAonad um Sheirbhísí do Chustaiméirí
An tÚdarás Clárúcháin Maoine
Sráid na Seansaireachta
Baile Átha Cliath 7 - Mura bhfuil uimhir ábhartha an fhóilió ar eolas agat, is féidir leat iarratas a dhéanamh chun cuardach mapála nó cuardach san ainm-threoir a dhéanamh.
4. Cóip Dheimhnithe d'Ionstraimí
Nuair a bhíonn iarratas ar chlárú (Déileáil) comhlánaithe, déantar éifeacht dlí na ndoiciméad lóisteáilte a chlárú ar an bhfóilió. Féadfaidh ceannaitheoir ar luach-chomaoin brath ar an bhfóilió mar fhianaise ar theideal gan na gníomhais teidil a léamh. Ina dhiaidh sin, déantar na doiciméid teidil a chomhdú i gClárlann na Talún i gcomhad ar a dtugtar “Ionstraim”.
- Beidh cúinsí áirithe ann faoinar féidir iarratas a dhéanamh ar scrúdú Ionstraime. Mar sin féin, níl gach duine i dteideal Ionstraim a scrúdú. Ní féidir ach le húinéir chláraithe na talún, lena ionadaí pearsanta nó le duine ar bith atá údaraithe ag daoine dá leithéid nó údaraithe faoi ordú cúirte nó faoi Riail 188 de na Rialacha um Chlárú Talún 1972 scrúdú a dhéanamh ar Ionstraim.
- Sula ndéantar Foirm Iarratais ar Chóip Ionstraime faoi Riail 188 a chomhlánú, léigh na treoirlínte atá ceangailte leis an bhfoirm le do thoil. Caithfidh tú sonraí a thabhairt faoi na fáthanna a cheapann tú go bhfuil tú i dteideal cóip den Ionstraim (nó cuid den Ionstraim) a scrúdú agus/nó a fháil.
- Féadfaidh duine ar bith atá i dteideal Ionstraim a scrúdú cóip den Ionstraim a fháil nuair a íoctar an táille chuí.
- Ba chóir an fhoirm iarratais chomhlánaithe mar aon leis an aitheantas cuí agus seic/ordú poist don táille chuí a sheoladh chuig:
An tAonad um Sheirbhísí do Chustaiméirí
An tÚdarás Clárúcháin Maoine
Sráid na Seansaireachta
Baile Átha Cliath 7
Tabhair faoi deara:Déantar ionstraimí a stóráil lasmuigh den láthair agus ní bheidh siad ar fáil ar lá an iarratais.
5. Saoráidí cuardaigh
Tabharfar le fios i gcuardach mapála más é go bhfuil an mhaoin cláraithe le Clárlann na Talún agus déanfar uimhir ábhartha an fhóilió a aithint dá réir.
Iarratas a dhéanamh ar chuardach mapála (táille €2.50)
- Déan an ceapach thalún ábhartha a imlíniú i ndúch dearg ar mhapa de Shuirbhéireacht Ordanáis Éireann agus seol an Fhoirm Iarratais chomhlánaithe 100 agus seic/ordú poist don táille chuí chuig;
An tAonad um Sheirbhísí do Chustaiméirí
An tÚdarás Clárúcháin Maoine
Sráid na Seansaireachta
Baile Átha Cliath 7
nó
- Tabhair cuairt ar an oifig phoiblí atá againn agus léirigh an ceapach thalún ábhartha ar na mapaí a chuirtear ar fáil. Nuair a dhéantar uimhir an fhóilió a aithint, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar Chóip Dheimhnithe d'Fhóilió /Phlean Teidil a fháil.
Iarratas a dhéanamh ar chuardach san ainm-threoir (táille €2.50)
- Caithfidh ainm agus seoladh an úinéara chláraithe reatha a bheith ar eolas agat. (Murach sin caithfear iarratas a dhéanamh ar chuardach mapála mar atá thuasluaite).
- Seol an Fhoirm Iarratais 99 chomhlánaithe mar aon le seic/ordú poist don táille chuí chuig:
An tAonad um Sheirbhísí do Chustaiméirí
An tÚdarás Clárúcháin Maoine
Sráid na Seansaireachta
Baile Átha Cliath 7
Má chuireann Cuardach in iúl nach bhfuil maoin áirithe cláraithe le Clárlann na Talún, b’fhéidir gur déileáladh leis i gClárlann na nGníomhas.
Leagtar amach táillí Chlárlann na Talún san “Ordú um Chlárlann na Talún (Táillí) 1999”