Scéim Cheannaigh le haghaidh Bunchíosanna - Bileoigín Mínitheach

 

NÓTAMar chúnamh in úsáid na scéime ceannaigh bunchíosanna a leagadh amach an bhileoigín seo. Ní cáipéis dhlíthiúil í ná ní léirmhíniú ar chor ar bith í ar an dlí a bhaineann le ceannach bunchíosanna.
CÉ A FHÉADFAIDH CUR ISTEACH AIR?Úinéirí na n-áitreabh a tógadh go hiomlán nó go príomha mar thithe cónaithe agus is mar sin a úsáidtear iad ag dáta an iarratais; ní áiríonn sé seo áitribh a ndearnadh árasáin astu.
CÉN CHAOI AR FÉIDIR LIOM MO BHUNCHÍOS A CHEANNACHLeas an éilitheora, (mar shampla feo simplí, nó leas a cruthaíodh trí dheontas feofheirme, nó leas léasach).
CÉ MAR ATÁ AN SCÉAL I GCÁS TITHE ÚDARÁS ÁITIÚIL?

 

Féadfaidh úinéirí thithe údarás áitiúil a mbunchíos a cheannach ach ní bhaineann an scéim seo leo; ba cheart dóibh dul i dteagmháil lena n-údarás áitiúil.
CÉ MAR IS FÉIDIR IARRATAS A DHÉANAMH?

De bhun TOILITHE (féach thíos) má éiríonn leat dul i dteagmháil le do thiarna/í talún agus aontú leis/leo faoi luach ceannaigh an Teidil Ruílse. Ach an t-airgead ceannaigh a bheith íoctha agat leis an/na tiarna/í talún, comhlíonfaidh seisean/siadsan Foirm/eacha Toilithe.

Is ortsa i do cháil mar iarratasóir atá sé toiliú a fháil ó gach uasleas agus deimhin a dhéanamh de gurb é an té a thugann toiliú an té atá údaraithe go cuí chuige sin agus atá i dteideal é sin a dhéanamh.   

Mura bhfuil an toiliú le fáil, nó mura bhfuil a fhios cé hé/hiad do Thiarna/í Talún, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh de bhun EADRÁNA (féach thíos).

CAD IAD NA FOIRMEACHA AR CHÓIR DOM A LÓISTEÁIL?

De réir an ghnáthaimh Eadrána, socróidh an oifig seo praghas ceannaigh don Teideal Ruílse tamall tar éis don iarratas a bheith curtha isteach. Cuirfear an tsuim atá i gceist in iúl duit agus iarrfar ort an t-airgead a lóisteáil san oifig seo.

Féach faoi NÓS IMEACHTA TOILITHE nó NÓS IMEACHTAEADRÁNA thíos, le do thoil, chun na foirmeacha bainteacha a fháil.

CÉARD A GHEOBHAIDH MÉ AR MO CHUID AIRGID?
Gheobhaidh tú Deimhniú Dílseacháin nuair a bheidh d'iarratas curtha i gcrích. Fianaise é an deimhniú dílseacháin go bhfuil do chuid bunchíosanna ceannaithe agat; GNÍOMHAS TEIDIL NUA CHUN DO MHAOINE É AGUS CÁIPÉIS RÍTHÁBHACHTACH DÁ RÉIR SIN.

 

CÉARD A DHÉANFAIDH MÉ LEIS AN DEIMHNIÚ DÍLSEACHÁIN?Moltar go láidir duit an Deimhniú Dílseacháin a chur á chlárú. Má chláraíonn tú an Deimhniú Dílseacháin beidh taifead clárlainne buan le fáil ar do leas ruílse i gcás go ligfí an cháipéis amú nó go scriosfaí í.
CÉN ÁIT NÓ CÉN CHAOI A gCLÁRÓIDH MÉ?Braithfidh sé seo ar an áit a bhfuil na gníomhais teidil atá cheana agat cláraithe. Cláraítear gníomhais teidil i gClárlann na Talún, é sin i gClárlann na nGníomhas.  In éineacht le do Dheimhniú Dílseacháin, gheobhaidh tú mionfhaisnéis faoin gclárú.
AN BHFUIL SÉ ÉIGEANTACH MO DHEIMHNIÚ DÍLSEACHÁIN A LÓISTEÁIL?
Más i gceann de na Contaetha sa, liosta thíos atá do mhaoin, is éigean duit clárú i gClárlann na Talún ó na dátaí feidhme sa liosta thíos
ContaeDáta feidhme (.i. le haghaidh Deimhnithe Dílseachán a eisíodh ina dhiaidh)
Ceatharlach, An Mhí agus Laois1 Eanáir 1970
An Longfort, An Iarmhí, Ros Comáin1 Aibreán 2006
An Clár, Cill Chainnigh, Lú, Sligeach, Loch Garman agus Cill Mhantáin1 Deireadh Fómhair 2008
An Cabhán, Dún na nGall, Gaillimh,Ciarraí, Cill Dara. Liatroim, Luimneach, Maigh Eo, Muineacháin, Tiobraid Árann Thuaidh, Uíbh Fhaillí, Tiobraid Árann Theas agus Port Láirge (mar a shainítear in alt 10 den Acht Rialtais Áitiúil, 2001), agus na cathracha seo a leanas: Gaillimh, Luimneach agus Port Láirge  (mar a shainítear in alt 10 den Acht Rialtais Áitiúil, 2001)  (S.I. 176 0f 2009)1 Eanáir 2010
  
AN BHFUIL AON TÁILLE CLÁRÚCHÁIN ANN?

Nuair a lóisteálann tú do Dheimhniú Dílseacháin lena chlárú, gearrfar táille ar leith ort don chlárú.

Is ionann agus €25 an Táille Cláraithe i gClárlann na Talún agus €50 i gClárlann na nGníomhas.

CÉN ÁIT AR FÉIDIR LIOM TUILLEADH FAISNÉISE A FHÁIL FAOIN SCÉIM?Lean an nasc le Seirbhísí Bunchíosanna ar www.prai.ie.

 

TUILLEADH FAISNÉISE FAOI IARRATAIS AR THOILIÚ

Tá dhá Fhoirm le comhlánú nuair atá tú ag cur isteach ar Dheimhniú Dílseacháin faoin nós imeachta Toilithe; is iad sin Foirm A agus Foirm C.   

FOIRM A:is í seo an Fhoirm iarratais atá le comhlánú agus le síniú ag úinéir/tionónta an áitribh.  Más rud é go bhfuil an áitreabh agat i gcomhpháirt le do chéile nó le gaolta eile ba chóir a (h)ainm/n-ainmneacha agus a síniú/sínithe a bheith ar Fhoirm A.
FOIRM C:is é seo an Fhoirm Toilithe atá le comhlánú ag do thiarna/í talún nuair atá an praghas ceannaithe íoctha agat leis/léi/leo i leith an ruíleasa.
NOTÁ:

Más rud é go bhfuil breis agus Tiarna Talún amháin i gceist, beidh sé riachtanach Foirm Toilithe comhlánaithe a fháil ó gach Tiarna Talún díobh. Féadfaidh tú do bhunchíosanna a cheannach trí bhíthin an nós imeachta Eadrána mura bhfuil tú in ann Foirm Toilithe a fháil. Éilíonn na próiseas Eadrána go ndéanfá an praghas ceannaithe i leith an Teidil Ruíleasa a lóisteáil leis an oifig seo seachas é a íoc go díreach leis an Tiarna Talún.

Is ortsa i do cháil mar iarratasóir atá an dualgas gach Toiliú riachtanach a fháil.

Ba chóir na nithe seo a leanas a bheith i d’iarratas Toilithe agat:

1.Foirm chomhlánaithe A - Ní foláir nó go mbeidh an Fhoirm seo comhlánaithe go hiomlán agatsa agus sínithe ag gach duine atá i dteideal an leas léasach a fháil.
2.Foirm(eacha) C comhlánaithe
3.Fótachóip de do LEAS
4.Fótachóip de do SHANNADH (Beidh an doiciméad seo riachtanach más rud é nach tusa úinéir bunaidh an tí; is fianaise úinéireachta é)
5.

Táille iarratais €30 má chónaíonn tú san áitreabh agus €65 mura gcónaíonn tú ann

Glacfar le seic, ordú poist, dréacht bainc nó airgead tirim mar íocaíocht; ba chóir seiceanna is araile a bheith iníoctha leis an “Údarás Clárúcháin Maoine”.

NOTÁ

Is cuid de ghníomhais teidil do mhaoine iad míreanna 3 agus 4.  Más rud é go bhfuil morgáiste agat beidh cóipeanna de na gníomhais ar fáil ó do Bhanc nó do Chumann Foirgníochta. Más rud é gur aisíocadh an morgáiste go hiomlán beidh na doiciméid sin ag d’aturnae.

Is féidir an iarratas a thabhairt nó a phostáil chuig

AN tÚDARÁS CLÁRÚCHÁIN MAOINE,
RANNÓG BUNCHÍOSANNA,
SRÁID NA SEANSAIREACHTA, 
BAILE ÁTHA CLIATH 7.
 
Guthán: 6707500,  Síneadh  8468
Uaireanta Oifige Poiblí:   Ó 10.30 a.m. go dtí 4.30 p.m.
.

 

FAISNÉIS BHREISE FAOI IARRATAIS AR EADRÁIN

Tá dhá Fhoirm le comhlánú nuair atá tú ag cur isteach ar Dheimhniú Dílseacháin faoin nós imeachta Eadrána; is iad sin Foirm B agus Foirm D.

FOIRM B:is í seo an Fhoirm iarratais atá le comhlánú agus le síniú ag úinéir/tionónta an áitribh.  Más rud é go bhfuil an t-áitreabh agat i gcomhpháirt le do chéile nó le gaolta eile ba chóir a (h)ainm/n-ainmneacha agus a síniú/sínithe a chur ar Fhoirm B.
FOIRM D:

Fógra faoin Rún atá agat na bunchíosanna a cheannach faoi nós imeachta Eadrána is ea í seo.  Ba chóir Foirm D a sheoladh TRÍ PHOST CLÁRAITHE chuig do Thiarna Talún (nó chuig a G(h)níomhaire/Aturnae).

Tá sé tábhachtach go gcoinneofá FÓTACHÓIP d’Fhoirm D nuair atá sí comhlánaithe agus sínithe AGUS admháil maidir le post cláraithe óir beidh na míreanna sin ina gcuid de d’iarratas.

Féadfaidh tú an Fhoirm D chomhlánaithe a thabhairt de láimh do do Thiarna Talún in áit é a sheoladh trí phost cláraithe; ach má dhéanann tú é sin caithfidh tú a iarraidh air/uirthi/orthu litir a thabhairt duit ag admháil go bhfuarthas Foirm D.

FÉADFAIDH TÚ D’IARRATAS A LÓISTEÁIL TAR ÉIS 21 LÁ ÓN AM A SHEIRBHEÁIL TÚ FOIRM D AGUS BA CHÓIR NA NITHE SEO A LEANAS A BHEITH LEIS:

1.Foirm B comhlánaithe agus sínithe.
2.Fótachóip d’Fhoirm D chomhlánaithe.
3.Admháil maidir le post cláraithe, nó litir ó do Thiarna Talún ag admháil go bhfuarthas an fhoirm.
4.Admháil faoin mbunchíos deireanach a íocadh.
5.Fótachóip de do LEAS.
6.Fótachóip de do SHANNADH.
(Beidh an doiciméad seo riachtanach más rud é nach tusa úinéir bunaidh na maoine; is fianaise úinéireachta é.
7.
Táille iarratais €105 má chónaíonn tú san áitreabh agus €195 mura gcónaíonn tú ann.
Glacfar le seic, ordú poist, dréacht bainc nó airgead tirim mar íocaíocht; ba chóir seiceanna is araile a
bheith iníoctha leis an “Údarás Clárúcháin Maoine”.

 

NOTE:

(Is cuid de ghníomhais teidil do mhaoine iad na míreanna 5 agus 6.  Más rud é go bhfuil morgáiste agat beidh cóipeanna de na gníomhais ar fáil ó do Bhanc nó do Chumann Foirgníochta. Más rud é gur aisíocadh an morgáiste go hiomlán beidh na doiciméid sin ag d’aturnae.

Is féidir an iarratas a thabhairt nó a phostáil chuig

AN tÚDARÁS CLÁRÚCHÁIN MAOINE,
RANNÓG BUNCHÍOSANNA,
SRÁID NA SEANSAIREACHTA, 
BAILE ÁTHA CLIATH 7.
 
Guthán: 6707500,  Síneadh  8468
Uaireanta Oifige Poiblí:   Ó 10.30 a.m. go dtí 4.30 p.m.

 

 

ÉILIMH AR (SCIAR DEN) AIRGEAD CEANNAIGH

Seirbheálfaidh Clárlann na Talún fógra faoi eisiúint deimhniú dílseacháin Eadrána agus lóisteáil an airgid cheannaigh ar aon tiarnaí talún a léirítear sa chomhad go bhféadfadh leas a bheith acu san airgead ceannaigh.   Nuair a chruthófar a dteidlíochtaí íocfaidh Clárlann na Talún an tAirgead Ceannaigh do na tiarnaí talún.  Féadfar éileamh a dhéanamh ar an Fhoirm Éilimh a thugann sonraí faoi theideal na dtiarnaí talún agus faisnéis le cabhrú chun an sciar den airgead ceannaigh atá dlite dóibh a áireamh.

Foirm le comhlánú - Éileamh ar (sciar den) Airgead Ceannaigh

Is féidir íocaíocht an Airgid Cheannaigh d’Éilitheoirí a bhrostú trí:
 an t-éileamh a lóisteáil ar an dáta is luaithe .i. sula socraítear an t-airgead ceannaigh nó sula eisítear deimhniú dílseacháin,
 agus trí gach faisnéis atá ag teastáil chun sciar an éilitheora a áireamh a sholáthar ag an am céanna,
 má dheanann aturnae nó abhcóide an deimhniú i bhfoirm G a lóisteáil, (nó mar mhalairt ar sin cóip de ghníomhais teidil an éilitheora a lóisteáil mura bhfuil siad lóisteáilte cheana féin), agus
 léas contrapháiarte an tiarna talún a lóisteáil nuair is bainteach
Bíonn an fhaisnéis seo a leanas riachtanach chun teidlíocht agus sciar an éilitheora a chinneadh:
 Ainm agus seoladh an Éilitheora
 An t-áitreabh lena mbaineann an t-éileamh.
 Uimhir thagartha an Údaráis Chlárúcháin Maoine (atá le fáil ar an bhfoirm ag insint duit faoin iarratas ar dheimhniú dílseacháin, agus é san fhormáid seo a leanas: GRXXXXX/XX nó XXGRXXXXX).
 Leas an éilitheora, (mar shampla feo simplí, nó leas a cruthaíodh trí dheontas feofheirme, nó leas léasach).
 Dáta, páirtithe agus téarma a leithéid de dheontas feofheirme nó léas (más ann dóibh).
 Méid an chíosa atá iníoctha ag an éilitheoir faoina leithéid de dheontas feofheirme nó léas.
 Iomlán bliantúil na gcíosanna bunaidh a raibh an t-éilitheoir i dteideal a bhailiú ón maoin go léir faoina leithéid de dheontas feofheirme nó léas.
 Ainm(neacha) agus seoladh (seoltaí) na bpáirtithe a bhfuil (nó a raibh) a leithéid d’uaschíos iníoctha leo.
 Sonraí faoi aon chomhaontú idir an t-éilitheoir agus na huasúinéirí eile maidir le roinnt an Airgid Cheannaigh

Foirmeacha - Seirbhísí Bunchíosanna

Foirm A: Iarratas Um Dhílseachán Le Toiliú  
Foirm B: Iarratas Um Dhílseachán Ar Eadráin
Foirm C: Toiliú
Foirm D - Toiliú
Foirm G - Deimhniú Teidil