5ú duais r-sheirbhísí Rialtais buaite ag an ÚCM!

 

Reáchtáladh deichiú ócáid na nGradam r-sheirbhísí Rialtais i Seomraí Stáit na hÉireann, Caisleán Bhaile Átha Cliath ar an 23 Márta. Aithnítear na gradaim seo ar an tagarmharc don bharr feabhais i r-seirbhísí agus i gcaighdeáin rialtais na hÉireann agus aithníonn siad tionscnóirí, forbróirí, nuálaithe agus saineolaithe atá ag tús cadhnaíochta ó thaobh athruithe atá ag tarlú sa chaoi a soláthraíonn Rialtas na hÉireann seirbhísí dá shaoránaigh.  

Don cúigiú huair, agus don tríú bliain as a chéile, bronnadh Gradam r-sheirbhísí Rialtais ar an Údarás Clárúcháin Maoine, an uair seo sa chatagóir Bainistíocht Tionscadail. Bronnadh an gradam ar an Údarás don tionscadal Ríomh-Orduithe Muirir, tionscadal a cuireadh ar fáil laistigh de thréimhse an-ghearr, agus é seo i gcomhar leis an Roinn Sláinte agus Leanaí agus FSS.  Rinneadh na hiontrálacha a mheas bunaithe ar scileanna bainistíochta tionscadail sna réimsí seo a leanas: sainiú tionscadail, pleanáil, socrú sceidil, soláthar acmhainní, staidéar scóipe, freastal ar riachtanais ghnó agus sástacht an chustaiméara.  

Ainmníodh an tionscadal seo freisin sa chatagóir Tras-Ghníomhaireachta.

 

John Deeney, Peter McHugh, Eamon Gilmore, Brendan McEntee

 

Arna Fhoilsiú 25 March 2010.