An Cúlra do Shaoráil Faisnéise
Bunaíodh trí cheart reachtúil nua leis an Acht um Shaoráil Faisnéise (FOI), 1997:
an ceart rochtain a fháil ar fhaisnéis atá i seilbh comhlachtaí poiblí;
an ceart faisnéis atá ag comhlachtaí poiblí a athrú áit a bhfuil sé neamhiomlán, mícheart nó míthreorach;
an ceart cúiseanna le cinntí a théann i bhfeidhm ort féin a fháil.
Ó 21 Aibreán, 1998, féadann daoine aonair rochtain a lorg ar fhaisnéis phearsanta orthu atá i seilbh comhlachtaí poiblí is cuma cathain a cruthaíodh an fhaisnéis, agus ar thaifid eile a cruthaíodh tar éis 21 Aibreán 1998.
Ar 11 Aibreán 2003, rinneadh an tAcht FOI 1997 a leasú ag an Acht FOI (Leasú) 2003.
An tÚdarás Clárúcháin Maoine agus FOI
Bunaíodh an tÚdarás Clárúcháin Maoine (PRA) ar 4 Samhain 2006 faoi fhorálacha an Achta um Chlárú Gníomhas agus Teidil 2006. Faoin Acht sin chuaigh Clárlann na Talún agus Clárlann na nGníomhas faoi cheannas agus bainistíocht an PRA agus dílsíodh na taifid go léir a bhí ag na Clárlanna don Údarás.
Le go mbeadh comhlacht faoi réir na nAchtanna FOI ní mór é a liostú amhlaidh - déantar é sin trí mheán Ionstraim Reachtúil.
Cé gur áiríodh Clárlann na Talún agus Clárlann na nGníomhas ag an Acht um Shaoráil Faisnéise 1997 leis an liosta de chomhlachtaí poiblí chun críocha an Achta, níor áiríodh an PRA, ann féin, mar chomhlacht faoi réir FOI.
Tá socruithe á dhéanamh anois an PRA a sceidealú do FOI agus tá na rialacháin riachtanacha á dhréachtú anois; tá sé beartaithe go gcuirfear i bhfeidhm iad chomh luath agus is féidir.
Tabhair faoi deara le do thoil toisc nach mbaineann na hAchtanna FOI leis an PRA, nach bhféadann sé iarratais ar FOI a phróiseáil anois.
Ach cuirtear an chuid is mó de na taifid atá ag an PRA ar fáil do bhaill den phobal de ghnáth taobh amuigh de reachtaíocht FOI.
Má tá ceist agat maidir le rochtain ar thaifid atá ag an PRA, déan teagmháil le:
Anne Heneghan
Seirbhísí Corparáideacha
An tÚdarás Clárúcháin Maoine
Teileafón: 01-8048125
Ríomhphost: anne.heneghan@prai.ie