Tá na teorainneacha digitithe do Chontae na Gaillimhe imithe beo anois
Tá áthas orainn a fhógairt go bhfuil na sonraí dáileachta talún do Chontae na Gaillimhe ar fáil chun scrúdú a dhéanamh orthu ar líne anois.
Tá digitiú déanta ar na 26 chontae anois!
Tá cur síos ar na hEochracha Eolais agus na Siombailí mar atá ar na “Pleananna Teidil” foilsithe ar an suíomh seo.
Is iad na gnéithe is coitianta ná:
- Léirítear dáileachtaí ruílse i ndearg
- Léirítear dáileachtaí léasacha in uaine
- Léirítear dáileachtaí foléasacha i gcorcra
- Léirítear ceart slí/cead slí cláraithe i mbuí.
Mar thoradh air sin, cuirfear socruithe nua, cosúil leis na cinn atá i bhfeidhm don Longfort, don Mhí, do Cheatharlach, don Iarmhí, do Chill Chainnigh, do Loch Garman, don Chlár, don Lú, do Chill Mhantáin, do Ros Comáin, do Bhaile Átha Cliath, do Chill Dara, do Shligeach, do Chabhán, do Chorcaigh, do Luimneach, do Mhaigh Eo, do Dhún na nGall ,do Liatroim, do Chiarraí, do Laois, do Mhuineacháin, do Thiobraid Árann, d’Uíbh Fhailí agus do Phort Lairge ar bun gan mhoill maidir le léarscáileanna Phlean Comhadaithe a úsáid do mhaoin chláraithe i gcontae na Gaillimhe.
Tá an sceideal do rollú amach dhigitiú na sonraí teorann de réir chlár Shuirbhéireacht Ordanáis Éireann chun a táirge léarscáile digití a nuashonrú agus tá sé leagtha amach ar ár Learscáil den Dul Chun Cinn.
Arna fhoilsiú an 12 Márta 2007 agus arna nuashonrú an uair dheireanach an 30 Iúil 2010.