Tá landdirect.ie ar fáil anois do dhaoine nach sealbhóirí cuntais iad agus is féidir leosan cuardach a dhéanamh ar léarscáil Chlárlann na Talún agus amharc ar fhóiliónna ar líne. Tá an síneadh seo le landdirect.ie á thabhairt isteach ar bhonn céimneach agus faoi láthair níl sonraí ar fáil ach do chontaetha Cheatharlach, Cill Channaigh agus Loch Garman amháin. Féach ár Léarscáil maidir le Dul Chun Cinn chun an t-eolas is déanaí a fháil.
Féadfaidh Sealbhóirí Cuntais Gnó leanúint ag úsáid na seirbhíse atá bunaithe ar shíntiús a chuireann ar chumas sealbhóirí cuntais leas a bhaint as roinnt mhaith dár seirbhísí ar líne, lena n-áirítear:
· maoin a chuardach agus a aimsiú ag úsáid ár mapa digitigh saor in aisce
· Priontáil gnáthchóip den mhapa
· Innéacs de sheolta a úsáid le féachaint ar mhapa agus le fóilió a aimsiú
· Cuardach a dhéanamh ar innéacs ainmneacha (An Post GeoDirectory)
· Fóiliónna a iniúchadh agus a phriontáil - Liosta na Cóid Contae
· Iarratas a dhéanamh ar chóipeanna oifigiúla deimhnithe d'fhóiliónna, pleananna teidil agus pleananna teidil ag léiriú gnéithe speisialta (cearta comhghabhálacha, cearta slí etc.)
· Ordaigh Mapa Cláraithe Speisialta mar rogha ar Phlean Teidil do cheantar roghnaithe ar scála roghnaithe agus de mhaoin chláraithe nó neamhchláraithe.
- Déan Cuardaigh Cheantair le teacht ar shonraí ar na clárúcháin uile laistigh den cheantar roghnaithe agus bíodh na torthaí léirithe ar an scáileán nó curtha sa phost chugat mar iarratas ar 'Chuardach Oifigiúil Mapa'.
- Ordaigh Cuardach Mapa Oifigiúil do cheantar roghnaithe ag léiriú na bunsonraí SOé in éineacht le sonraí Chlárlann na Talún agus leathanach coimhdeach ceanntáisc ag léiriú na maoin chláraithe laistigh den cheantar.
· Cuardaigh Chlárlann na nGníomhas
· eFoirm 17 a chur isteach ar-líne agus uimhir dhéileála a fháil láithreach bonn. Idirghníomhaíonn an eFoirm 17 go dinimiciúil le bunachar sonraí Chlárlann na Talún rud a dhéanann áisiú ar chomhlánú cruinn faisnéise agus a ríomhann an táille iníoctha chomh maith. Ba chóir íocaíocht a bheith in éineacht le eFoirm 17 agus an t-iarratas ar chlárúchán á lóisteáil
· Cóipeanna oifigiúla d'Ionstraimí a ordú. Is ann do dhá bhealach le hiarratais a chur isteach ar chóipeanna d'ionstraimí.
· Mionsonraí a fháil ar iarratais atá ar feitheamh. Féach ar Athruithe ar an bhFaisnéis atá ar fáil ar landdirect.ie. Léiríonn an córas tacar achoimrithe de mhionsonraí ar nádúr na n-iarratas ar feitheamh, cé a rinne lóisteáil orthu, cathain a lóisteáladh iad etc. Is seirbhís saor in aisce í seo.
· Rianú a dhéanamh ar dhul chun cinn iarratas trína saolré i gClárlann na Talún saor in aisce.
Cuirfear chun dochair an chuntais landdirect.ie do na hidirbhearta uile ar a bhfuil táille iníoctha.
Is féidir le húsaideoirí rochtain a fháil ar na hidirbhearta uile a rinneadh ar a gcuntas agus iarmhéid an chuntais. Is ann do thrí leibhéal údaraithe.
Caighdeánach: Ceadaíonn d'úsáideoir indibhidiúil rochtain ar shonraí ar bhearta íoctha táille a rinneadh faoina n-ainm úsáideora agus ceadaíonn dóibh a bpasfhocal a athrú.
An tIarmhéid a Fheiceáil: Mar a chéile le Caighdeán, ach le háis féachaint ar an iarmhéid reatha sa chuntas agus fógra a fháil nuair a thiteann an t-iarmhéid faoi bhun €50.
Riarthóir Cuntais: A bhfuil thuas, móide áis le féachaint ar loga beartais na n-úsáideoirí uile údaraithe ar an gcuntas sin in éineacht le sonraí ar íocaíochtaí a rinneadh leis an gcuntas.
Gliogáil anseo do shonraí ar an mbealach le háiseanna "Amharc ar Iarmhéid agus Riarthóir Cuntais" a bhunú.
Arna nuashonrú – 5 Aibreán 2011