Tig le gach cuntas landdirect.ie úsáideoir amháin nó níos mó le stádas Riarthóra a bheith aige anois. Tig le Riarthóirí rochtain a fháil ar na hidirbhearta uile a dhéantar ar an gcuntas sin, creidmheasanna san áireamh agus ceadaítear chomh maith rochtain ar iarmhéid an chuntais. Más gá duit go dtabharfaí stádas Riarthóra d'úsáideoirí do chuntais landdirect.ie, tig leat d'iarratas a chur ar r-phost, agus 'Riarthóir landdirect.ie' faoin teideal ábhair, chuig, webmaster@prai.ie nó ar facs ar pháipéar
Tig leis an gcóras foláireamh a thabhairt don chustaiméir nuair a thiteann iarmhéid an chuntais landdirect.ie faoi bhun €50. Ní dhéanfar gníomhachtú air seo ach ar chuntais ina bhfuil an áis “Iarmhéid a fheiceáil” cumasaithe. Mura bhfuil feidhm bainte agat as an áis “Iarmhéid a fheiceáil” agus gur mhaith leat sin a dhéanamh, tig leat iarratas a dhéanamh ar r-phost, agus 'Iarmhéid a fheiceáil' sa teideal ábhair, chuig, webmaster@prai.ie nó ar facs ar pháipéar ceannteidil go 01 8048144. Sainigh, le do thoil, má tá an áis “Iarmhéid a fheiceáil” le tabhairt d'úsáideoirí sainithe, nó d'úsáideoirí uile údaraithe do chuntais.