Téarmaí agus Coinníollacha

Téarmaí, Coinníollacha agus Fógraí

Tá an cead rochtana ar landdirect.ie agus úsáid na faisnéise atá ann faoi réir na dtéarmaí, na gcoinníollacha agus na bhfógraí seo thíos.  Measfar go bhfuil na téarmaí, na coinníollacha agus na fógraí seo léite ag na daoine a bhainfidh úsáid as an tseirbhís seo.

1. Téarmaí agus Coinníollacha Ginearálta

2. Cóipcheart

3. Séanadh

4. Úsáid Pleananna arna gComhdú ar landdirect.ie

5. Úsáid Mapaí Digiteacha Chlárlann na Talún agus Suirbhéireacht Ordanáis Éireann
Ortafótagrafaíocht (SOÉ)
.

6. Eochair eolais na nDathanna agus na gComharthaí ar Mhapaí Digiteacha Chlárlann na Talún
Pleananna arna gcomhdú de réir ITM agus Mapaí Cláraithe Speisialta
.

7. Iarratais ar feitheamh (Arna fhoilsiú den chéad uair 31 Bealtaine 2002 ).

 

1. Téarmaí agus Coinníollacha Ginearálta:

1.1 Is leis an Údarás Chlárúcháin Maoine an suíomh gréasáin seo agus oibrítear ar son agus thar ceann an Údaráis Chlárúcháin Maoine é.

1.2. Tá an suíomh gréasáin seo arna bhunú in Éirinn de réir agus faoi réir dhlíthe na hÉireann. Is ag Cúirteanna na hÉireann amháin a bheidh an dlínse maidir le conspóid ar bith a d'fhéadfadh a bheith ann i dtaobh an tsuímh ghréasáin, na húsáide a bhaintear as nó faisnéise ar bith atá ann. 

1.3. Le húsáid a bhaint as landdirect.ie, caithfidh tú cuntas a oscailt agus a choinneáil linn. Nuair a osclófar an cuntas, tabharfaimid pasfhocal duit.  Moltar duit an pasfhocal seo a athrú nuair a bhainfidh tú úsáid as an tseirbhís den chéad uair agus ó am go chéile ina dhiaidh sin. Caithfidh tú deimhin a dhéanamh de nach ligfidh tú do phasfhocal le duine ná le páirtí eile agus caithfidh tú a chinntiú gur pearsanra údaraithe amháin a bheidh i mbun na rochtana trí chuntas do chuideachta.

1.4. Níl cead an suíomh gréasáin a úsáid ar chaoi ar bith a d'fhéadfadh dochar a dhéanamh do na seirbhísí a chuirtear ar fáil ann nó iad a dhíchumasú nó a lagú, nó cur isteach ar an úsáid a bhainfeadh páirtí ar bith eile astu. 

1.5. Forchoiméadaimid an ceart na téarmaí, na coinníollacha agus na fógraí, ar dá réir a dtairgtear na seirbhísí atá le fáil tríd an suíomh gréasáin, a athrú. Tá úsáideoirí an tsuímh freagrach as athbhreithniú rialta a dhéanamh ar na téarmaí, na coinníollacha agus na fógraí a fhoilsítear ar an suíomh gréasáin seo. 

1.6. B'fhéidir go gcuirfidh an suíomh gréasáin seo naisc ar fáil chun suíomh gréasáin nó acmhainní eile. Is mar áisiúlacht amháin a chuirtear na naisc seo ar fáil d'úsáideoir an tsuímh seo; ní fhaomhtar ábhar a leithéidí de shuímh tríú páirtí. Ina theannta sin, ní bheidh freagracht ar bith orainn as a leithéidí de shuímh nó d'acmhainní seachtracha a chur ar fáil, ná as aon ábhar, táirge, seirbhís ná bunábhar eile a bheadh orthu nó le fáil uathu. Ar phriacal an úsáideora féin atá an rochtain ar shuímh tríú páirtí as an suíomh seo. Ba cheart aon fhadhb a bhaineann leis na naisc sheachtracha a chur faoi bhráid riarthóir nó stiúrthóir gréasáin an tsuímh tríú páirtí sin. 

 

2. Cóipcheart:

2.1. Seachas ábhar atá le fáil i mbaill eile, tá an t-ábhar atá le fáil trí landdirect.ie faoi réir chóipcheart an Údaráis Chlárúcháin Maoine de bhun fhorálacha an Achta Chóipchirt agus Cheart Gaolmhar, 2000 (Uimh. 28 de 2000) http://www.irishstatutebook.ie/front.html.

2.2. Ní  bhaineann an cead ábhar ar a bhfuil cóipcheart ag an Rialtas a atáirgeadh le hábhar ar bith ar an suíomh seo ar le tríú páirtí é. Ní mór an cead a leithéid d'ábhar a atáirgeadh a fháil ó shealbhóirí an chóipchirt atá i gceist. 

2.3. Is é Cláraitheoir na dTeideal a tháirgeann agus a fhoilsíonn na Pleananna arna gComhdú ag Clárlann na Talún atá le fáil trí landdirect.ie agus d'fhéadfaidís seo sonraí mapála de chuid Shuirbhéireacht Ordanáis Éireann (SOÉ) a chuimsiú, faoi cheadúnas ó SOÉ. Cóipcheart SOÉ agus Rialtas na hÉireann. 

2.4. Cuimsíonn mapaí digiteacha Chlárlann na Talún  atá le fáil tríd an tseirbhís landdirect.ie agus na aerfótagraif is féidir a fheiceáil ar-líne sonraí mapála agus ortafótagrafaíocht de chuid Shuirbhéireacht Ordanáis Éireann (SOÉ) faoi seach, faoi cheadúnas ó SOÉ. Cóipcheart SOÉ agus Rialtas na hÉireann. 

2.5. Cuimsíonn landdirect.ie faisnéis freisin ar cheadúnas ó GeoDirectory, táirge a d'fhorbair An Post agus SOÉ. Cóipcheart GeoDirectory

 

3.Séanadh:

3.1. Caitheadh gach cúram réasúnta le tiomsú na faisnéise atá le fáil tríd an suíomh gréasáin seo. Mar sin féin, seachas na taifid a chuirtear ar fáil tríd an tseirbhís landdirect.ie (fóiliónna, pleananna comhdaithe, innéacsanna) atá faoi réir fhorálacha an  Achta um Chlárú Gníomhas agus Teidil 1964 & 2006, ní dhéantar aon uiríoll ná ní thugtar aon bharántas maidir le cruinneas, iomláine ná bailíocht reatha a leithéide d'fhaisnéis. Is ar phriacal an úsáideora amháin a úsáidtear a leithéid d'fhaisnéis, ar féidir í a athrú nó a athshonrú uair ar bith gan fógra.

3.2. Ba cheart go dtuigfeadh an té a bheadh ag léamh thaifid na bhfóiliónna trí landdirect.ie roimh na huaireanta gnó oifigiúla (10.30 a.m. go dtí 4. 30 p.m, Luan go hAoine, faoi láthair) gur faisnéis í a bhí bailí ag am scoir an lá roimhe sin.

3.3. Ba cheart go dtuigfeadh an té a bheadh ag léamh thaifid na bhfóiliónna trí landdirect.ie i ndiaidh na n-uaireanta gnó oifigiúla (10.30 a.m. go dtí 4. 30 p.m, Luan go hAoine, faoi láthair) gur faisnéis í a bhí bailí ag am scoir an lá sin.

3.4. Ní dhéantar aon uiríoll ná ní thugtar aon bharántas go mbeidh an rochtain ar an suíomh seo gan bhriseadh, ná tráthúil ná saor ó earráid.

3.5. Ní bheidh freagracht ar bith orainn as aon earráid, sonra truaillithe ná athrú san fhaisnéis a tarchuireadh, a tharla am ar bith le linn nó i ndiaidh an tarchurtha ó chóras óstach Chlárlann na Talún.

3.6. Taispeántar síolphointí ar mhapa Chlárlann na Talún d'fhonn suíomh ginearálta na bpaintéar cláraithe a thabhairt le fios agus cuirtear ar fáil iad mar chúnamh do na custaiméirí teacht ar na mionsonraí fóilió áirithe nó ar ábhar a gcuardaigh. Níor mhór an fóilió féin a iniúchadh leis na mionsonraí seo a dheimhniú. Ní thugann na síolphointí fairsinge nó suíomh na dteorainneacha cláraithe le fios. Go dtí go ndigiteofar na mionsonraí teorann do gach contae, féadfar na teorainneacha do mhaoin chláraithe a fháil amach ach iniúchadh a dhéanamh ar an bPlean Comhdaithe, má tá a leithéid ann.  Mar rogha air seo, is féadfar iniúchadh a dhéanamh ar mhapa Chlárlann na Talún.

I gcásanna áirithe b'fhéidir nach dtiocfaidh na síolphointí go hiomlán leis na sonraí veicteora ITM a fhoilsíonn OSÉ. Ina theannta sin, i mbeagán beag cásanna, b'fhéidir nach mbeidh an nasc idir síolphointe áirithe agus an fóilió a fhreagraíonn dó bunaithe fós. Táthar ag tabhairt faoi na pointí seo mar chuid de phlean iomlán chlár mapála digití Chlárlann na Talún. 

 

4. Úsáid Pleananna Comhdaithe landdirect.ie

4.1. Is éard atá sna híomhánna de Phleananna Comhdaithe páipéir Chlárlann na Talún (Pleananna Comhdaithe Samhlaithe) atá le fáil tríd an suíomh gréasáin seo, cóipeanna leictreonacha de cháipéisí páipéir atá arna gcoinneáil in oifigí Chlárlann na Talún agus a chuirtear ar fáil mar fhaisnéis agus chun iniúchta le gur féidir an mhaoin áirithe a shainaithint go ginearálta, agus chun na haidhme sin amháin. Taispeánfar Pleananna Comhdaithe Samhlaithe ar mó iad ná A3 mar shraith íomhánna tílithe. 

4.2. Is féidir leat Pleananna Comhdaithe Samhlaithe a phriontáil mar áis duit féin. Is é printéir an úsáideora a rialaíonn priontáil íomhánna na bhfóiliónna agus na bpleananna comhdaithe agus ní bheidh freagracht ar bith orainn as cáilíocht na priontála seo. Ní bheidh asphriontaí na bPleananna Comhdaithe ó do phrintéir de réir scála ná cruinn de réir toise. 

4.3. De réir a chéile, tá ionad na bPleananna Comhdaithe Samhlaithe á thógáil ag Pleananna Comhdaithe a shíolraíonn ó mhapaí digiteacha nua Chlárlann na Talún (Pleananna Comhdaithe ITM). Cuirfear iad seo i bhfeidhm, contae i ndiaidh contae, thar thréimhse cúig bliana, ag tosú i mí Bealtaine 2006. Foilseofar mionsonraí, lena n-áirítear tuarascálacha forchéimnithe, faoin gclár seo ag A bhfuil beartaithe (What's Planned).  

4.4. Eiseoidh Clárlann na Talún na Pleananna Comhdaithe ITM i bhformáid chruachóipe ar bhonn na scálaí a fhoilsíonn OSÉ (1/5000, 1/2500 agus 1/1000). Dá réir sin, tá seans nach dtaispeánfar limistéir áirithe a taispeánadh ar scála mapála OSÉ 1/2500 roimhe seo ach ar scála mapála OSÉ 1/5000 feasta. 

4.5. B'fhéidir go mbeidh sé deacair suímh/dáileachtaí talún beaga (chomh mór le 0.202 heicteár) a mharcáil go soiléir ar mhapaí páipéir ar an scála 1/5000 go mór mór. Má tá an Plean Comhdaithe ITM ar an mapa dar scála 1/5000 róbheag ag custaiméirí le go bhféadfaidís a dteorainneacha a mharcáil ar an gcruachóip, féadfaidh siad mapa ITM ar an scála is mó a fhoilsítear ina dhiaidh sin, 1/2500, a iarraidh ar Chlárlann na Talún. Tugtar Mapaí Cláraithe Speisialta (SRM - Special Registration Map) ar mhapaí den sórt seo. Ar an gcaoi chéanna, i limistéir nach dtaispeántar ach ar an scála 1/2500, beidh na custaiméirí in ann SRM a iarraidh ar an scála 1/1000. Mar sin féin, ní féidir a bheith ag súil go dtabharfaidh SRM, arna mhéadú ón scála is lú ná é, na toisí aon bhlas níos cruinne ná na toisí ar an scála beag. Féadfaidh na custaiméirí dul i gcomhairle le Clárlann na Talún maidir le fadhbanna nó tosca speisialta a bhaineann leis an scála agus iad ag ullmhú mapaí ar leith chun cláraithe. 

4.6. Is féidir SRM a iarraidh freisin d'fhonn teorainneacha a mharcáil i gcás iarratais ar an gCéad Chlárú. 

4.7. Ní ghlacfaidh Clárlann na Talún le hasphrionta simplí nó fótachóip de Phlean Comhdaithe Samhlaithe, de Phlean Comhdaithe ITM ná de SRM chun críche an chláraithe. Glacfar le cóip oifige dheimhnithe de na taifid seo chun críche an chláraithe. 

 

5. Úsáid Mapaí Digiteacha Chlárlann na Talún agus Ortafótagrafaíocht Shuirbhéireacht Ordanáis Éireann (SOÉ)

Ó uair a lainseála amach, soláthróidh landdirect.ie cumas rochtana ar an gclár trí bhíthin mapa dhigitigh a thaispeánfaidh mionsonraí Chlárlann na Talún arna suí i mapa topagrafach digiteach i bpicteilíní de chuid SOÉ nó ortafótagrafaíocht (aerfótagraif) SOÉ. Tá úsáid an mhapa dhigitigh seo faoi réir na dtéarmaí úsáide seo a leanas: 

5.1. Níor mhór na dáileachtaí agus na pleananna a thaispeántar ar mhapa digiteach Chlárlann na Talún a léamh in éineacht leis an/na fóilió(nna) a bhaineann leo. 

5.2. Níl an cuntas ar an talamh atá ar an bhfóilió agus ar an mapa dochloíte maidir leis na teorainneacha nó fairsinge na talún (féach Alt 85 den Acht um Chlárú Teidil 1964 - Uimh. 16 de 1964)  http://www.irishstatutebook.ie/front.html). 

5.3. Tá mapaí digiteacha Chlárlann na Talún bunaithe ar mhapaí topagrafacha trasteilgin Mercator Éireannacha a sholáthraíonn Suirbhéireacht Ordanáis Éireann (SOÉ) i bhfoirm dhigiteach. Is iad 1/5000 tuaithe, 1/2500 tuaithe/cathrach, 1/1000 cathrach, na scálaí a fhoilsítear. 

5.4. Tá mapaí Chlárlann na Talún faoi réir shrianta scála agus chruinneas suirbhéireachta na mapaí SOÉ agus na mapaí a taisceadh chun cláraithe, araon. Má aistríodh na teorainneacha chun scála is mó nó go sraith eile mapaí, cuma más ar pháipéar é nó go digiteach, níor cheart a bheith ag súil go mbeadh na toisí níos cruinne ná toisí an scála bhig ná na seansraithe mapaí.  

Ó cuireadh tús le clárú na talún sa bhliain 1892, is ar bhonn na mionsonraí topagrafacha a foilsíodh de réir scálaí mapa SOÉ a cuireadh beagnach gach clárúchán i gcrích. Ba iad na scálaí foilsithe a úsáideadh sa tSraith Cassini/County agus Irish Grid de chuid SOÉ sa chóras páipéir ná 1/10560, 1/2500 agus 1/1000, 1/1250, 1/1056, (mhéadaigh SOÉ 1/1250 and 1/1056 ar aon ón mapáil 1/2500). 

Dá réir sin, tá cruinneas sonraí teorann Chlárlann na Talún faoi réir chruinneas na suirbhéireachta agus scála an mhapa foinse a taisceadh ar dtús agus a raibh an clárúchán bunaithe air. 

5.5. Cuirtear ortafótagrafaíocht SOÉ ar fáil in éineacht le mapa Chlárlann na Talún mar áis amhairc d'fhonn cabhrú le custaiméirí landdirect.ie an mhaoin áirithe nó ábhar a gcuardaigh a aimsiú agus chun na haidhme sin amháin. Ní haon chuid na haerfótagraif seo de mhapa ná de chlár Chlárlann na Talún. 

 

6.Eochair eolais na nDathanna agus na gComharthaí ar Mhapaí Digiteacha Chlárlann na Talún, Phleananna Comhdaithe ITM agus Mhapaí Cláraithe Speisialta

6.1. Taispeánfar Eochair eolais na nDathanna agus na gComharthaí ar Mhapaí Digiteacha Chlárlann na Talún, Phleananna Comhdaithe ITM agus Mhapaí Cláraithe Speisialta anseo go gairid.tuilleadh eolais faoi Eochracha Eolais agus Siombaillí.

 

7.Iarratais ar Feitheamh (Arna fhoilsiú den chéad uair 31 Bealtaine 2002) 

1. Feasta cuirfear an nóta faoi na hiarratais ar feitheamh a taispeánadh roimhe seo i gCuid 2 den fhóilió ar leathanach ar leith agus ní thaispeánfar níos mó é mar chuid den fhóilió féin. Tá an t-athrú seo riachtanach le gurb éasca is féidir an Clár Samhlaithe atá á chur i bhfeidhm ar na cáipéisí páipéir a thabhairt chun críche. Má bhíonn iarratais ar feithimh ar an bhfóilió a roghnaíodh chun léite, taispeánfar teachtaireacht dhearg ar an scáileán á rá sin leis an úsáideoir. Beidh an t-úsáideoir in ann ansin mionsonraí an/na (n-)iarrata(is) a bhreathnú agus an liosta a phriontáil más gá. 

Tugadh an doiciméad seo suas chun dáta den uair dheireanach ar 28 Iúil 2006